conradh na gaeilge

nuacht|02 Iúil 2012 an nuacht

Féile Iorrais 2012

Feile Iorrais

Beidh Féile Iorrais na bliana seo ar siúl i gceantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo ón Aoine, 13 do dtí An Domhnach 22 Iúil 2012

Is Féile Idirnáisiúnta Cheoil é an fhéile do cheantar Iorrais agus arís i mbliana beidh scoth na gceoltóirí ag freastal ar an bhféile mhór seo ó i bhfad is i gcéin agus bíonn béim faoi leith ar ghrúpaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig an bhféile gach bliain agus nascadh le cultúir i dtíortha eile.

Tá neart imeachtaí éagsúla eagraithe don fhéile in ionaid i ngach coirnéil d’Iorras. Ó Ionad Deirbhile in Eachléim go Trá Buí í Dumha Thuama agus ó Ghleann na Muaidhe go Baile Chruaiche.

I measc na n-imeachtaí beidh ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, damhsa, amhráin, siúlóidí treorach, imeachtaí súgartha don teaghlach, spóirt, imeachtaí óige, ceardlanna, imeachtaí oidhreachta agus cultúrtha, imeachtaí do pháistí mar aon le go leor eile.

Tá an fhéile seo ag ceiliúradh seacht mbliana déag ar an bhfód i mbliana agus beidh léiritheoirí agus pictiúrlann ón Spáinn, ó Shasana, ón Fhrainc agus ó Éirinn ag an bhféile.

I measc na i-imeachtaí beidh sraith ceoil, ealaíontóirí Fernanda Sanchez-Valdes ón Spáinn ag seinm Tango, beidh an banna ceoil aitheanta Beoga a thugann blas an tuaiscirt do cheol traidisiúnta na hÉireann ar stáitse ar an 14 Iúil anuas air seo beidh scannán Idirnáisiúnta do pháistí, Za Ucha le ceol iontach Balkan, Northumberland Celtic Ranters ó Shasana, ceol do dhaoine óga le meascán de cheol Éireannach, Sasanach agus Albanach agus beidh an ceoltóir áitiúil David Munnelly i measc na n-aíonna chomh maith.

Ar an 15 Iúil beidh oíche mhór d’fhilíocht, ceol agus cur i láthair sa Teach tábhairne Trá Buí i nDumha Thuama, áit a mbeidh Ríonach Uí Ógáin ag tabhairt léachta dar teideal Songs of the Sea. Tá Ríona in Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ina cuideachta ar an oíche beidh an file aitheanta Louis De Paor ag léamh cuid dá dhánta le tionlacan ceoil ó na ceoltóirí iomráiteacha clann Uí Mhongáin.

Is as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais do na ceoltóirí cumasacha seo agus ní haon strainséirí don stáitse iad na fír óga seo mar is minic a bhíonn siad ar stáitse ag féilte éagsúla timpeall na tíre agus thar lear agus ghlac siad páirt sa chlár ceoil Geantraí a bhíonn á chraoladh ar TG4.

Beidh an hamharcealaíona á léiriú ó Bhéal an Mhuirthead le taispeántas ó Diarmuid O’ Riordan ar siúl in Áras Inis Gluaire agus ar an 18 Iúil beidh dhá léiriú ag an gcomhlacht amharclannaíochta/dráma Branar do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir. Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.

Beidh táille chuig cuid de na ceolchoirmeacha, ní chosnaíonn sé aon rud do na ceardlann go léir ach píosa de do am. Teastaíonn áirithintí do na ceardlanna, glaoigh ar 097-81079. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Féile, logáil isteach ar :feileiorras.org, r-phost feileiorras@eircom.net no glaoigh 097-81079 Is féidir eolas faoi na himeachtaí a fháil ar errisevents.com/

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012