conradh na gaeilge

nuacht|02 Márta 2014 an nuacht

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2014

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2014

Bhí seoladh Sheachtain na Gaeilge ar 21 Feabhrá sa Castlecourt i gCathair na Mart. Cillian O’Connor, peileadóir Mhaigh Eo, a rinne an seoladh. Seoladh an leabhrán ina bhfuil liosta imeachtaí atá ar siúl ar fud an chondae i rith Seachtain na Gaeilge.

Tar eis do Chillian an tSeachtain a sheoladh, léirigh Cumann Drámaíochta Chorr na Móna agus Iarthar Chonamara drama “An Bhean Feasa” agus rinne siad cupla agallamh beirte. Bhí oiche cheoil, amhránaíochta agus scéalaíochta ina dhiaidh sin faoi stiúir Mháirtín Mhic Dhonnachdha. Bhí oiche thar bharr againn. Buíochas mór do Mhuintir Chathair na Mart, do Thogra Mhaigh Eo agus don Chumann Drámaíochta.

Tá an leabhrán ar fáil anseo