Tionól 2022 – Clár Chlainne Mhuiris 21ú Bealtaine

Bhí ceol, caint agus greann ag Tionól 2022 a d’eagraigh Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ar an Satharn an 21ú Bealtaine 2022.

Is in Óstán an Dalton Inn i gClár Chlainne Mhuiris a bhí an Tionól i mbliana agus d’éirigh thar barr leis an ócaid. Rinne an craoltóir agus ceoltóir Neansaí Ní Choisdealbha trácht ar 50 bliain de Raidió na Gaeltachta agus chas sé cuid de na foinn is ansa léi ó chartlann an stáisiúin. Bhí Lúibíní, Agallamh Beirte agus amhráin ghrinn á gcur i láthair ag Seán Ó Gráinne agus Traolach Ó Conghaile, as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas iad. Bhi breis agus 50 duine i láthair ag an ócáid.