Plean Gaeilge Chaisleán an Bharraigh

D’fhógair Príomh-Aire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. ar an 9 Iúil 2018 go bhfuil sé beartaithe plean teanga cuimsitheach a ullmhú agus a fheidhmiú do Chaisleán an Bharraigh mar Bhaile Sheirbhíse Gaeltachta.

Ba mhaith leis an gCeanneagraíocht, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge, muintir na háite agus le heagraíochtaí áitiúla, eolas agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú agus a mhéadú i gCaisleán an Bharraigh go céimnithe thar thréimhse 7 mbliana an phlean. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an bPlean Gaeilge seo seirbhísí Gaeilge, agus imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge, a chur chun cinn i gCaisleán an Bharraigh a ghabhfadh chun tairbhe do Chaisleán an Bharraigh féin agus don phróiseas pleanála teanga in LPT Mhaigh Eo Thuaidh, in LPT Mhaigh Eo Thiar agus i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.